This is an event from our archive. Visit our Events section for our latest events.

Ceardlann Beochana 24 Jul 2016

Sa cheardlann seo atá spreagtha ag príomhscannán Cartoon Saloon Amhrán na Mara, cruthóidh tú do chuid beochana féin a bhfuil téama den fharraige acu. This is an animation workshop delivered in the Irish language inspired by Cartoon Saloon’s Song of the Sea.

Beidh tú ag obair i ngrúpaí le páistí eile chun beochana a chruthú ag baint úsáide as teicnící lámhlínithe agus picteilithe.

• Sa bheochan lámhlínithe, tosóidh tú trí do charachtar féin a chumadh agus a tharraingt ar pháipéar. Taispeánfar duit ansin conas do charachtar a mhorfú isteach go ceann eile ón ngrúpa trí shraith de 5-7 líníocht. Leis seo cruthófar beochan ar féidir a chur ar lúb de charachtair ilchruthacha.

• Le hiniúchadh a dhéanamh ar an teicníc den phicteiliú, beidh ról agat daoine daonna agus fíor-réada a bheochan (tú féin san áireamh) os comhair an cheamara. Tabharfaidh an cheardlann tuiscint phraiticiúil duit ar an gcaoi inar féidir beochana a chruthú. Is é seo do sheans oibriú le beochantóir gairmiúil agus réamheolas a fháil ar dhá theicníc atá an-éagsúil lena chéile.

Ar mhaith leat Amhrán na Mara a fheiceáil as Gaeilge roimh an gceardlann? Ceannaigh ár dticéad speisialta don scannán agus don cheardlann ina bhfuil ticéad san áireamh chuig taispeáint speisialta den scannán Institiúid Náisiúnta na Scannán (in aice leis The Ark). Am an Scannáin: 11am.

This is an animation workshop delivered in the Irish language inspired by Cartoon Saloon’s Song of the Sea.